Blagáil do thosaitheoirí…

Blag-Gaeilge-Button Foras Na GaeilgeCén fáth blagáil? Chun eolas a roinnt, chun teagmháil a dhéanamh le daoine ar chomhintinn, le muinín a thógáil, le bheith foilsithe, le hairgead a shaothrú, nó go díreach chun a insint do dhaoine céard is mian leat a rá.

Cá dtosaíonn tú? Cén fáth a bhfuilim á scríobh seo? Cé atáim ag iarraidh é a léamh? Céard atáim ag iarraidh a rá? Nuair a bheidh an méid sin oibrithe amach agat tá tú leathbhealach ann.

Tá lucht léitheoireachta ríthábhachtach. Leantóirí dílse a dhéanamh de do spriocléitheoirí.  Más mó an t-am a thugann tú do do bhlagphostálacha, is mó an luach a chothóidh tú i measc do léitheoirí.

Is suáilce í an fhoighne. Ní hamháin go gcaithfidh tú teacht ar do leagan cainte féin, beidh do léitheoirí ag iarraidh a fheiceáil go gcloíonn tú leis sula dtiomnóidh siad dó. Glacann sé am.

Tá struchtúr an-tábhachtach. Ní mór dó bheith gonta, lán eolais agus an chuma air go bhfuil sé cruthaitheach.  Go díreach, cuimhnigh ar do laethanta scoile agus conas scéal a scríobh. Ba chóir tús, lár agus deireadh a bheith ann.

Furasta a úsáid – cuir isteach scéal do bheatha, cuir seanbhlaganna i gcartlann, mar atá amhlaidh le cara nua Facebook, is maith le daoine rannsú trí sheanábhar. Déan é níos soroinnte – déan é simplí a roinnt ar Twitter, Facebook etc.

Déan é níos furasta do dhaoine teacht air – cinntigh go bhfuil gach postáil ina catagóir féin agus go bhfuil clib orthu. Ní fiú faic é an píosa a scríobh mura bhfuil aon duine in ann teacht air!

Ar deireadh, ach ní hé an rud is lú tábhacht, cinntigh go bhfuil an t-ábhar spéisiúil, tarraingteach agus reatha.

Bain sult as do chuid blagála!

Share
Share
Share