Blagáil Do Thosaitheoirí

 

30/08/2017

 

Cén fáth blagáil?

Chun eolas a roinnt, chun teagmháil a dhéanamh le daoine ar chomhintinn, le muinín a thógáil, le bheith foilsithe, le hairgead a shaothrú, nó go díreach chun a insint do dhaoine céard is mian leat a rá.

Cá dtosaíonn tú?

Cén fáth a bhfuilim á scríobh seo? Cé atáim ag iarraidh é a léamh? Céard atáim ag iarraidh a rá? Nuair a bheidh an méid sin oibrithe amach agat tá tú leathbhealach ann.

Tá lucht léitheoireachta ríthábhachtach.

Leantóirí dílse a dhéanamh de do spriocléitheoirí.  Más mó an t-am a thugann tú do do bhlagphostálacha, is mó an luach a chothóidh tú i measc do léitheoirí.

Is suáilce í an fhoighne.

Ní hamháin go gcaithfidh tú teacht ar do leagan cainte féin, beidh do léitheoirí ag iarraidh a fheiceáil go gcloíonn tú leis sula dtiomnóidh siad dó. Glacann sé am.

Tá struchtúr an-tábhachtach.

Ní mór dó bheith gonta, lán eolais agus an chuma air go bhfuil sé cruthaitheach.  Go díreach, cuimhnigh ar do laethanta scoile agus conas scéal a scríobh. Ba chóir tús, lár agus deireadh a bheith ann.

Furasta a úsáid

Cuir isteach scéal do bheatha, cuir seanbhlaganna i gcartlann, mar atá amhlaidh le cara nua Facebook, is maith le daoine rannsú trí sheanábhar. Déan é níos soroinnte – déan é simplí a roinnt ar Twitter, Facebook etc.

Déan é níos furasta do dhaoine teacht air

Cinntigh go bhfuil gach postáil ina catagóir féin agus go bhfuil clib orthu. Ní fiú faic é an píosa a scríobh mura bhfuil aon duine in ann teacht air!

Ar deireadh, ach ní hé an rud is lú tábhacht, cinntigh go bhfuil an t-ábhar spéisiúil, tarraingteach agus reatha.

Bain sult as do chuid blagála!

 

By | 2017-08-30T16:54:21+00:00 August 30th, 2017|Latest Articles|